![]() |
![]() |
| Home | Biographies | Public Meetings | Ard Fheis Motion | Media Centre |
Irish language version of the IRA statementPublished: 28 July, 2005 Ráiteas a eisíodh Déardaoin 28 Iúil, 2005. Thug ceannairí Óglaigh na hÉireann ordú foirmiúil críoch a chur leis an fheachtas armtha. Rachaidh sé sin i bhfeidhm ó 4.00 an tráthnóna seo. Tugadh ordú do gach aonad arm a dhumpáil. Tugadh ordú do gach Óglach cuidiú le forbairt clár atá polaitiúil agus daonlathach amháin trí mhodhanna síochánta amháin. Ní mór do Óglaigh gan a bheith páirteach in aon ghníomhartha eile ar bith, in aon chor. Cheadaigh ceannairí an IRA dár n-ionadaí dul i gcomhar leis an IICD chun an próiseas chun a chuid airm a chur ó mhaith ar dhóigh atá indeimhnithe a chríochnú i ndóigh a chuirfidh le muinín an phobail agus é sin a chur i gcrích chomh luath géar agus is féidir. D'iarr muid ar bheirt fhinnéithe neamhspleácha, ó na heaglaisí Protastúnacha agus Caitliceacha, é seo a dhearbhú. Ghlac Comhairle an Airm na cinntí seo i ndiaidh próiseas inmheánach pléite agus comhairlithe le haonaid an IRA agus le hÓglaigh. Tuigimid go maith an dóigh ionraic oscailte inar cuireadh an próiseas comhairlithe i gcrích agus doimhne agus ábhar na n-aighneachtaí. Is bród linn an dóigh chomrádúil inar reachtáladh an plé fíorstairiúil seo. Is é toradh na gcomhairliúchán go léirítear go bhfuil tacaíocht láidir ag Óglaigh an IRA do straitéis síochána Shinn Féin. Tá imní fhorleathan ann faoi theip an dá rialtas agus na nAontachtaithe dul i ngleic go hiomlán leis an phróiseas síochána. D'eascair deacrachtaí móra as sin. Tacaíonn formhór mór mhuintir na hÉireann leis an phróiseas seo. Ba mhaith leosan agus le cairde aontacht na hÉireann ar fud an domhain lánfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. D'ainneoin na ndeacrachtaí seo, rinneadh na cinntí seo chun ár spriocanna poblachtacha agus daonlathacha, ár gcuspóir de Éirinn Aontaithe san áireamh, a chur chun cinn. Tá sé de dhualgas ar gach Óglach ceannaireacht, daingneacht agus crógacht a thaispeáint. Tá beann againn ar íobairt na dtírghráthóirí marbha, iad siúd a chuaigh go príosún, Óglaigh, a dteaghlaigh agus an bonn leathan poblachtach. Athluann muid ár ndearcadh go raibh an feachtas armtha go hiomlán dlisteanach. Is eol dúinn go bhfuair a lán daoine bás sa choimhlint. Is den riachtanas ar gach taobh go dtógfar síocháin choir bhuan. Tógadh ceist chosaint na bpobal náisiúnach agus poblachtach linn. Tá freagracht ar ar an tsochaí cinnte a dhéanamh de nach mbeidh na pograim a bhí ann i 1969 agus sna luath-1970í ann arís. Tá freagracht uilíoch ann dul i ngleic le gach cineál seicteachais. Tá an tIRA lántiomanta do spriocanna na hAontachta Éireannaí agus an neamhspleáchais agus do thógáil na Poblachta a luadh i bhForógra 1916. Iarrann muid an méid is mó aontachta agus iarrachta agus is féidir ó phoblachtaigh Éireannacha i ngach áit. Má comhoibríonn poblachtaigh Éireannacha le chéile, tá muid muiníneach gur féidir linn ár spriocanna a chur i gcrích. Is eol do gach Óglach an bhrí atá leis na cinntí a rinne muid agus tá iachall ar gach Óglach na horduithe a chomhlíonadh ina n-iomláine. Tá faill gan sampla ann anois úsáid a bhaint as an méid maith fuinnimh agus dea-thola atá ann don phróiseas síochána. Is í an chabhair s'againne do na hiarrachtaí leanúnacha chun neamhspleáchas agus aontacht a fháil do phobal na hÉireann an tsraith chuimsitheach seo de thionscnaimh gan réamhshampla. |
Latest News |
|
Copyright 2008 Sinn Fein. Contact | |