Sinn Fein Sinn Féin -- Building an Ireland of Equals

Ard Fheis Motion

Motion passed by the Sinn Féin Ard Fheis - 28th January 2007

This Ard Fheis reiterates Sinn Féin's political commitment to bringing about Irish re-unification and the establishment of a 32 County Democratic Socialist Republic.

This Ard Fheis supports civic policing through a police service which is representative of the community it serves, free from partisan political control and democratically accountable.

We support and will work for the development of a routinely unarmed police service as envisaged in the Good Friday Agreement.

We support fair, impartial and effective delivery of the rule of law. The changes to policing secured in all reforming legislation, including by Sinn Féin needs to be implemented fully. The truth about wrongdoing by British military, intelligence and policing agencies needs to be uncovered and acknowledged. Sinn Féin supports the demands for this from the families of victims. The PSNI needs to make strenuous efforts to earn the trust and confidence of nationalists and republicans. Gardaí corruption and malpractice - which has been exposed in the Morris Tribunal and the Abbeylara inquiry in the 26 counties - shows the need for constant vigilance and oversight. These inquiries and the ill-treatment of republicans by the Garda Special Branch also provide compelling reasons as to why the responsibility of political parties and representatives should be to hold the police to account in a fair and publicly transparent way.

This Ard Fheis is totally opposed to political, sectarian and repressive policing and any form of criminalization of republicanism. The experience of nationalists and republicans in the Six Counties is of a partisan, unionist militia which engaged in harassment, torture, assassination, shoot-to-kill and collusion with death squads and we will never endorse such policing practices.

The Good Friday Agreement requires and defines 'a new beginning to policing' as an essential element of the peace process. The Good Friday Agreement also requires functioning, powersharing and all-Ireland political institutions. The British Government have agreed to the transfer of powers on policing and justice away from Westminster to locally-elected political institutions and have set out the departmental model to which these powers will be transferred. In these circumstances authority over policing and justice will lie in Ireland.

We note the British Government's new policy statement of 10 January 2007 which removes MI5 from policing structures in Ireland. This removes the proposals to embed MI5 into civic policing and removes the danger of again creating a force within a force.

We note also the commitment by PSNI Chief Constable Hugh Orde that plastic bullets will not be used for purposes of public order/crowd control and his acknowledgement of the hurt resulting from injuries and death of innocent people including children. These weapons should never be used again. Sinn Féin will continue to campaign for a total ban.

This Ard Fheis notes the refusal of the DUP leader Ian Paisley to publicly commit to power-sharing and participation in the all-Ireland political institutions by 26 March 2007. Before the Ard Chomhairle meeting on 29 December the DUP had agreed words which they would release in response to the Ard Chomhairle accepting the policing motion put by the Party President. We note the DUP's failure to keep to this commitment.

It is clear that elements of the DUP are determined to use policing and other issues to prevent progress, resist powersharing and equality and oppose any all-Ireland development. This is unacceptable. It is the responsibility of the two Governments and pro-Agreement parties across the island to resist this and to ensure the full implementation of the Good Friday Agreement.

Sinn Fein is committed to justice. Sinn Fein is committed to law and order and to stable and inclusive partnership government, and, in good faith and in a spirit of genuine partnership, to the full operation of stable power-sharing government and the north south and east west arrangements set out in the Good Friday Agreement.

The responsibility of the police is to defend and uphold the rights of citizens.

In order to fulfil this role they require critical support. Sinn Féin reiterates our support for An Garda Síochana and commits fully to:

* Support for the PSNI and the criminal justice system.
* Hold the police and criminal justice systems north and south fully to account, both democratically and legally, on the basis of fairness and impartiality and objectivity.
* Authorise our elected representatives to participate in local policing structures in the interests of justice, the quality of life for the community and to secure policing with the community as the core function of the PSNI and actively encouraging everyone in the community to co-operate fully with the police services in tackling crime in all areas and actively supporting all the criminal justice institutions.
* The devolution of policing and justice to the Assembly.
* Equality and human rights at the heart of the new dispensation and to pursue a shared future in which the culture, rights and aspirations of all are respected and valued, free from sectarianism, racism and intolerance

To achieve this the Ard Chomhairle is hereby mandated to:

* Appoint Sinn Féin representatives to the Policing Board and the District Policing Partnership Boards to ensure that:

- a civic policing service, accountable and representative of the community is delivered as quickly as possible, - the Chief Constable and the PSNI are publicly held to account,

- policing with the community is achieved as the core function of the PSNI,

- political policing, collusion and "the force within a force" is a thing of the past and to oppose any involvement by the British Security Service/MI5 in civic policing.

* Ensure Sinn Fein representatives robustly support the demands for:

- equality of treatment for all victims and survivors,

- effective truth recovery mechanisms,

- acknowledgement by the British State of its involvement in wrongdoing including collusion with loyalist paramilitaries,

- to ensure that there is no place in the PSNI for those guilty of human rights abuses,

* Resolutely oppose the use of lethal weapons, including plastic bullets, in public order situations
* Authorise Sinn Féin Ministers to take the ministerial Pledge of Office.
* Achieve accountable all-Ireland policing structures.

The Ard Chomhairle recommends: That this Ard Fheis endorses the Ard Chomhairle motion. That the Ard Chomhairle is mandated to implement this motion only when the power-sharing institutions are established and when the Ard Chomhairle is satisfied that the policing and justice powers will be transferred. Or if this does not happen within the St Andrews timeframe, only when acceptable new partnership arrangements to implement the Good Friday Agreement are in place.


Rún a ritear ag Ard-Fheis Shinn Féin - 28ú Eanáir 2007

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo gealltanas polaitiúil Shinn Féin chun athaontú na hÉireann agus bunú Phoblacht Sóisialach Daonlathach 32 Contae.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le póilíneacht shibhialta ina bhfuil seirbhís phóilíneachta ann a ionadaíonn an pobal a bhfreastalaíonn sí air, saor ó smacht páirtíneach polaitiúil agus freagrach go daonlathach.

Tacaímid agus oibreoidh muid ar son seirbhíse póilíneachta rialta gan airm mar a measadh i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Tacaímid le soláthar cothrom éifeachtach maidir le riail an dlí. Is gá na hathruithe ar phóilíneacht a daingníodh i ngach reachtaíocht athchóirithe, a chuir Sinn Féin isteach, a chur i bhfeidhm ina iomláine. Is gá an fhírinne a nochtadh agus a aithint i dtaca le héagóir a rinne arm, gníomhaireachtaí faisnéise agus póilíneachta na Breataine. Tacaíonn Sinn Féin leis na héilimh ó theaghlaigh íospartach ar a shon sin. Is gá don SPTÉ (PSNI) tréan-iarrachtaí a dhéanamh chun iontaoibh agus muinín na náisiúnach agus na bpoblachtach a mhéadú. Léiríonn éilliú agus míchleachtas sna Gardaí - a thug Binse Morris agus fiosrúchán Abbeylara sna 26 contae chun suntais - an gá chun forairdeall agus maoirseacht leanúnach bheith ann. Is cúiseanna an-láidir iad na fiosrúcháin seo agus drochbhail na bpoblachtach ag brainse speisialta na nGardaí gur chóir go mbeadh freagracht ag na páirtithe agus ag na hionadaithe polaitiúla an phóilíneacht a choimeád cuntasach ar bhealach cothrom trédhearcach poiblí.

Tá an Ard-Fheis dubh in éadan póilíneachta atá polaitiúil, seicteach agus diansmachtúil agus in éadan cineál ar bith coiriú poblachtánachais. Is í an taithí atá ag náisiúnaigh agus poblachtaigh sna Sé Chontae ná míliste páirtíneach aontachtach a bhí páirteach i gciapadh, i gcéasadh, i bhfeallmharú, i lámhaigh chun báis agus i gclaonpháirteachas le scuaid báis agus ní thacóidh muid lena leithéid de chleachtaí póilíneachta.

Éilíonn agus míníonn Comhaontú Aoine an Chéasta gur gné éigeantach sa phróiseas síochána é 'tús nua le haghaidh póilíneachta'. Éilíonn Comhaontú Aoine an Chéasta, leis, feidhmiú, cionroinnt chumhachta agus forais pholaitiúla uile-Éireann. D'aontaigh Rialtas na Breataine le cumhachtaí ar phóilíneacht agus ar cheartas a aistriú ó Westminster go forais atá tofa go háitiúil agus leag siad an tsamhail rannach amach a mbeidh na cumhachtaí seo aistrithe chuici. Sna cúinsí seo luífidh údarás ar phóilíneacht agus ar cheartas in Éirinn.

Tugaimid chun suntais ráiteas beartais nua de chuid Rialtas na Breataine ar 10 Eanáir 2007 a bhaineann MI5 ar shiúl ó struchtúir phóilíneachta in Éirinn. Baineann sé ar shiúl na moltaí chun MI5 a neadú i bpóilíneacht shibhialta agus baineann sé ar shiúl an chontúirt chun fórsa taobh istigh d'fhórsa a chruthú arís.

Tugaimid chun suntais, leis, gealltanas Ard-Chonstábla SPTÉ Hugh Orde nach mbainfear úsáid as piléir phlaisteacha ar mhaithe le hord poiblí/rialú slua agus a admháil ar an phian mar thoradh ar ghortuithe agus ar bhás daoine neamhchiontacha, páistí san áireamh. Níor chóir na hairm seo a úsáid arís. Leanfaidh Sinn Féin leis i mbun feachtais chun toirmeasc iomlán a fháil.

Tugann an Ard-Fheis seo chun suntais diúltú cheannaire an DUP Ian Paisley chun gealltanas poiblí a thabhairt ar son cionroinnt chumhachta agus ar son páirtíochta sna forais uile-Éireann faoi 26 Márta 2007. Roimh chruinniú na hArd-Chomhairle ar 29 Nollaig d'aontaigh an DUP ar fhocail a scaipfeadh siad mar fhreagairt ar an Ard-Chomhairle ag glacadh leis an rún póilíneachta curtha chun tosaigh ag Uachtarán an Pháirtí. Tugaimid chun suntais teip an DUP chun cur leis an ghealltanas seo.

Is léir go bhfuil rún daingean ag codanna an DUP chun ceist na póilíneachta agus ceisteanna eile a úsáid le cosc a chur ar dhul chun cinn, ar chionroinnt chumhachta agus ar an chomhionannas agus dul in éadan forbairt ar bith uile-Éireann. Tá seo doghlactha amach is amach. Tá freagracht ag an dá Rialtas agus ar na páirtithe ar son an chomhaontaithe fud fad an oileáin dul ina éadan seo agus cinntiú go gcuirtear Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm go hiomlán.

Tá Sinn Féin geallta don cheartas. Tá Sinn Féin geallta do dhlí agus ord agus do chomhrialtas páirtíochta atá seasmhach agus cuimsitheach, agus le croí mór maith agus le meon na fíorpháirtíochta, do lánfheidhmiú rialtais chomhsheasmhaigh a chionroinneann cumhacht agus ar a bharr sin geallta do na socruithe thuaidh theas agus thoir thiar a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Is í an fhreagracht atá ar na póilíní ná cearta na saoránach a chosaint agus a dhaingniú.

Chun an ról seo a chomhall éilíonn siad géarthacaíocht. Athdhearbhaíonn Sinn Féin ár dtacaíocht don Gharda Síochána agus geallann sé go hiomlán chun:

*Tacú leis an SPTÉ agus leis an chóras ceartais chóiriúil
*Na póilíní agus na córais cheartais chóiriúil ó thuaidh agus ó dheas a dhéanamh cuntasach go hiomlán, go daonlathach agus go dleathach araon, ar bhonn cothroime, neamhchlaontachta agus oibiachtúlachta.
*Ár n-ionadaithe tofa a údarú le bheith rannpháirteach i struchtúir phóilíneachta áitiúla ar mhaithe le ceartas, le cáilíocht beatha don phobal agus chun an phóilíneacht a dhaingniú, agus an pobal mar fheidhm lárnach sa SPTÉ ag spreagadh go gníomhach gach duine sa phobal le comhoibriú go hiomlán leis na seirbhísí póilíneachta le dul i ngleic le coir i ngach ceantar agus ag tacú go gníomhach leis na forais cheartais choiriúil.
*Póilíneacht agus ceartas a chineachadh chuig an Chomhthionól.
*Comhionannas agus cearta daonna a chur i gcroílár na dispeansáide úire agus chun todhchaí comhroinnte a bhaint amach ina bhfuil meas agus fiúntas ar chultúr, ar chearta agus ar uaillmhianta gach duine saor ó sheicteachas, ó chiníochas agus ó éadulaingt.

Leis sin a bhaint amach tá údarás tugtha don Ard-Chomhairle chun:

* Ionadaithe Shinn Féin a cheapadh ar an Bhord Póilíneachta agus ar na Boird Páirtíochta Póilíneacht Ceantair lena chinntiú:

- go soláthraítear a luaithe is féidir seirbhís póilíneachta sibhialta, freagrach agus ionadaíoch don phobal, - go ndéantar an tArd-Chonstábla agus an SPTÉ cuntasach go poiblí,

- go ngnóthaítear mar chroífheidhm na SPTÉ póilíneacht i gcomhar leis an phobal,

- go mbaineann póilíneacht pholaitiúil, claonpháirtíocht agus "an fórsa taobh istigh d'fhórsa" le stair agus ní leis an lá atá inniu ann agus go dtéitear in éadan baint ar bith ag Seirbhís Slándála na Breataine/MI5 le póilíneacht shibhialta.

* A chinntíonn go dtacaíonn ionadaithe Shinn Féin go daingean le héilimh ar son:

- comhionannas baile do gach íospartach agus marthanóir;

- meicníochtaí éifeachtacha chun teacht ar an fhírinne,

- an admháil ag Stát na Breataine faoina bhaint le héagóir agus claonpháirtíocht le paraimíleataigh dílseora san áireamh,

- lena chinntiú nach bhfuil áit ann sa SPTÉ dóibh siúd atá ciontach as leatrom ar chearta daonna,

* Dul in éadan go daingean úsáid arm marfach, piléir phlaisteacha san áireamh, i ndálaí oird phoiblí
*Airí Shinn Féin a údarú chun Gealltán Oifige aireachta a thabhairt.
*Struchtúir chuntasacha phóilíneachta uile-Éireann a bhaint amach.

Molann an Ard-Chomhairle: go dtacaíonn an Ard-Fheis seo le rún na hArd-Chomhairle. Nach bhfuil údarás tugtha don Ard-Chomhairle leis an rún seo a chur i bhfeidhm go dtí go mbunaítear forais cionnroinnte cumachta agus nuair atá an Ard-Chomhairle sásta go n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus ceartais. Nó mura dtarlaíonn sé seo taobh istigh de chlár ama Naomh Aindriú, nach dtarlóidh sé ach go dtí go bhfuil na socruithe nua páirtíochta tugtha isteach le Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm.